ráiteas um chosaint leanaí

Táimidne, Consairtín, tiomanta do chur chuige a thugann aird ar riachtanais na h-óige inár gcuid oibre le leanaí agus le daoine óga. Dearbhaimid go gcuirfimid timpeallacht agus taithí shabháilte ar fáil, áit a dtabharfar tús áite do leas an linbh / an duine óig. Cloífimid leis na moltaí in ‘Children First: National Guidelines for the Protection and Welfare of Children’ a d’fhoilsigh An Roinn Sláinte agus Leanaí. Tá beartais i dtaobh na bpointí seo a leanas curtha i bhfeidhm againn:

  • Cód iompair do gach ball foirne

  • Earcú agus roghnú foirne

  • Tuairisciú ar mhí-úsáid a bhfuil taifead air nó a bhfuil amhras ann

  • Bainistiú agus stiúradh foirne

  • Líomhaintí faoi mhí-úsáid ón bhfoireann

  • Gearáin agus ráitis

  • Tarlúintí agus timpistí

  • Ról na bpríomhchúramóirí

  • Rúndacht

Athbhreithneofar an beartas seo ar:          01/01/2025

Sínithe:  Áine Hensey

Oifigeach Ainmnithe Chosaint Leanaí            

 Dáta:     14 Eanáir 2024

Teagmháil faoi cheisteanna a bhaineann le cosaint agus le leas leanaí

Áine Hensey ceaptha mar an té ar cheart teagmháil a dhéanamh leí má tá ceist nó ábhar imní agat faoi aon ghné de shábháilteacht nó de leas linbh nó duine óig ar an láthair oibre. Is é dualgas an duine seo comhairle agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann faoi bheartais agus faoi nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí, agus a chinntiú go leantar na nósanna sin. Tá an té atá ainmnithe freagrach freisin as eolas a chur ar fáil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó do na Gardaí nuair is cuí sin. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Áine Hensey ag 086-2612127; aine@consairtin.ie. Tá Tim Collins ceaptha mar ionadaí ar Áine Hensey. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag 087-2605689; tim@consairtin.ie.

Dea-chleachtas

  • Cinnteofar go gcuirfear na nithe seo a leanas i bhfeidhm ag Consairtín:

  • Gach leanbh/duine óg a chlárú (ainm, seoladh, fón, riachtanais speisialta, tinreamh, sonraí teagmhála i gcás práinne);

  • An Beartas Um Chosaint Leanaí agus nósanna imeachta a chur in iúil do phríomhchúramóirí/daoine óga, áisitheoirí agus cuairteoirí;

  • Nósanna imeachta i gcás práinne a bheith ullamh agus an fhoireann a bheith ar an eolas faoi na nósanna sin;

  • Gan leanaí agus daoine óga le riachtanais speisialta a fhágáil amuigh agus a bheith tuisceanach leo;

  • Pleanáil agus ullmhúchán a dhéanamh i gcónaí go fisiciúil agus ó thaobh intinne de;

  • Aon ábhar imní a chur in iúl don Oifigeach Ainmnithe chun déileáil leo agus nósanna imeachta i gcomhair tuairiscí den saghas sin a leanúint;

  • Leanaí agus daoine óga a spreagadh chun aon bhulaíocht, ábhar imní nó buartha a chur in iúl, agus le tuiscint a bheith acu ar an mbeartas frithbhulaíochta

  • Códanna gléasta agus iompair a leanúint;

  • Meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais oibre go rialta;

  • Oiliúint chuí a sholáthar don fhoireann agus d’oibrithe deonacha;

  • Taifead agus tuairisc a dhéanamh ar aon tarlúintí nó timpistí;

  • Beartais agus nósanna imeachta a athbhreithniú agus a thabhairt suas chun dáta go rialta;

  • Eolas a thabhairt do phríomchúramóirí ar aon cheisteanna a bhaineann lena gclann;

  • Feitheoireacht chuí a chinntiú bunaithe ar choibhnis chuí de réir aoise, cumais agus gníomhaíochtaí;

  • Cumarsáid shoiléir a chinntiú idir an t-ealaíontóir agus an eagraíocht;

  • Gan ligint d’fhadhb imeacht ó smacht;

  • Seachain a bheith i d’aonaor le leanbh / duine óg. Murar féidir sin a dhéanamh, glac do sheisiún i dtimpeallacht oscailte le heolas agus le lántoil na bpríomhchúramóirí;

  • Bheith cúramach faoi rudaí a deirtear agus faoin teanga a úsáidtear. Más dóigh leat gur chuir rud éigin a dúirt tú isteach ar dhuine éigin, déan iarracht leithscéal a ghabháil go cúramach tuisceanach.

 Earcú agus roghnú foirne

Cinnteoimid go roghnófar baill foirne go cúramach, agus go gcuirtear oiliúint oiriúnach orthu agus go ndéanfar feitheoireacht chuí orthu, d’fhonn timpeallacht shábháilte a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bhíonn rannpháirteach sna healaíona. Chuige sin, leanamid de na prionsabail seo a leanas:

  • Cinnteofar rólanna agus freagrachtaí ar bhealach soiléir do gach post (cé acu íoctha nó deonach);

  • Déanfaimid ár ndícheall daoine a bhfuil na cailíochtaí is oiriúnaí acu a roghnú

  • Ní fhostófar aon duine a meastar faoi/fúithi go bhféadfadh baol a bheith i gceist leo dá mbeidís ag obair le leanaí/daoine óga;

Ar na cúiseanna a bhféadfaí duine a chur as an áireamh tá: 

  • aon chiontaithe a bhaineann le leanaí;

  • diúltú an fhoirm iarratais nó an fhoirm dhearbhaithe a shíniú;

  • gan dóthain fianaise scríofa a chur ar fáil d’fhonn ionannas nó aitheantas a chinntiú;

  • Beidh ar gach ball foirne géilleadh do chuardach glanréitithe ó na Gardaí; má bhíonn a leithéid ar fáil, lorgófar é.

Cód Iompair don Fhoireann

  • Caitheamh go cothrom le gach leanbh agus duine óg;

  • Éisteacht le leanaí agus le daoine óga agus meas a léiriú orthu;

  • Leanaí agus daoine óga a bheith rannpháirteach i bpróisis déanta cinní, de réir mar is cuí;

  • Brostú, tacaíocht agus moladh a chur ar fáil (beag beann ar chumas);

  • Teanga chuí a úsaid (fisiciúil agus labhartha)

  • Spraoi agus atmaisféar dearfach a chothú;

  • Critic dhearfach a sholáthar de réir mar a theastaíonn;

  • Caitheamh le leanaí agus le daoine óga mar dhaoine aonánacha;

  • Meas a léiriú ar spás pearsanta an linbh agus an duine óig;

  • Sainchríocha iompair a phlé le leanaí agus le daoine óga agus lena bpríomchúramóirí, agus na pionóis a ghabhann lena sárú a phlé leo chomh maith;

  • ‘Conradh’ grúpa a aontú sula dtosaítear ar sheisiún;

  • Tuairimí a lorg ón ngrúpa faoi dhul chun cinn an tionscnaimh;

  • Áiseanna agus ábhair atá oiriúnach d’aois na leanaí a úsáid;

  • Dea-shampla a thabhairt;

  • Bheith airdeallach faoi theorainneacha cumais an linbh nó an duine óig, iad a bheith faoi chúram dochtúra mar shampla;

  • Atmaisféar a chothú ina mbíonn iontaoibh ag daoine as a chéile;

  • Meas a léiriú ar dhifríochtaí cumais, cultúir, reiligiúin, cine agus ionannais gnéasúil.

Le iompar míchuí a sheachaint, tugtar na treoracha seo a leanas do gach ball foirne:

  • Seachain a bheith ag caitheamh an iomad ama i d’aonar le leanaí/daoine óga;

  • Ná húsáid nó ná ceadaigh ráitis mhaslacha nó caint nó iompar graosta;

  • Ná déan feoil is iasc de do chuid leanaí/daoine óga; i.e. a bheith rómhór le haon duine, nó róghéar ar aon duine, ná bí ag magadh rómhór faoi aon duine, agus ná tarraing an iomarca airde ar dhuine amháin;

  • Ná bain do dhuine ar bith ar bhealach mígheanasach agus ná ceadaigh a leithéid;

  • Ná buail agus ná tabhair sciúirse fhisiciúil do leanaí/daoine óga;

  • Ná caith am ar bhealach míchuí le leanaí/daoine óga; i.e. lasmuigh d’imeachtaí struchtúrtha de chuid na heagraíochta.

  • Iarr cead ar an leanbh nó ar an duine óg maidir le lámh a leagan ar a gcolainn (seachas i gcás práinne nó contúirte);

  • Seachain imirt gharbh nó teagmháil mhíchuí;

Sláinte agus sábháilteacht

  • Ná fág leanaí gan duine éigin i bhfeighil nó i gceannas orthu;

  • Déan cinnte go láimhseáltar ábhair chontúirteacha go cúramach;

  • Cuir timpeallacht shábháilte ar fáil;

  • Bí eolach ar na nósanna imeachta i gcás timpiste agus lean dóibh i gcónaí.

 Nósanna imeachta i gcás timpiste

  • Tá plean éigeandála i bhfeidhm ag Consairtín i gcás timpiste. Chuige sin, cuirfear na nithe seo a leanas i bhfeidhm:

  • clár suas chun dáta a choimeád ina bhfuil sonraí teagmhála gach linbh/duine óig atá rannpháirteach i gConsairtín;

  • a dhéanamh cinnte de go bhfuil árachas dliteanas poiblí ag aon eagraíochtaí seachtracha a mbíonn baint ag Consairtín leo;

  • boscaí garchabhrach ar fáil agus athstocáil déanta orthu go rialta;

  • an fhoireann a chur ar an eolas faoi láithreacha na mboscaí garchabhrach;

  • rabhadh oiriúnach a thabhairt do dhaoine óga faoin mbaol a bhaineann le hábhar contúirteach;

  • cuntas a choimead ar threallamh contúirteach agus céimeanna a ghlacadh chun an baol a lagdhú oiread agus is féidir.

Gníomhaíocht i gcás líomhain in aghaidh ball foirne

  • Is é an chéad rud atá le cinntiú nach bhfuil an leanbh/duine óg i mbaol nuair nach gá sin;

  • Má chuirtear líomhaintí in aghaidh an Oifigigh Ainmnithe (Áine Hensey), ní mór teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí atá ceaptha (Tim Collins);

  • Ba chóir go gcuirfí na príomhchúramóirí agus an leanbh/duine óg a choimeád ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí atá pleanáilte agus atá curtha i gcrích. Ba chóir caitheamh leis an leanbh de réir mar atá oiriúnach dá (h)aois;

  • Cuirfear an ball foirne ar an eolas a luaithe is is féidir faoi nádúr na líomhna;

  • Tabharfar seans don bhall foirne freagra a thabhairt ar an líomhain;

  • Déanfar aon ghníomhaíocht a leanann líomhain mí-úsáide in aghaidh fostaí a chur i bhfeidhm tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus leis an Garda Síochána. Tar éis na comhairle sin, ba chóir go ndéarfadh an cathaoirleach/ceannphort leis an gcúisí é agus go leanfaí na nósanna imeachta atá aontaithe.

Nósanna imeachta do ghearáin agus do ráitis

  • Freagrófar gearáin nó ráitis laistigh de sheachtain;

  • Tá Áine Hensey freagrach as gearáin/ráitis a dhíriú i dtreo an duine oiriúnach;

  • Coimeádfar taifead ar ghearáin ó bhéal agus tabharfar freagra orthu.

Ról na bpríomhchúramóirí

  • Táimid tiomanta do bheith oscailte le gach príomchúramóir. Chuige sin leanaimid na prionsabail seo a leanas:

  • Cuirfear príomhchúramóirí ar an eolas faoinár mbeartas um chosaint leanaí;

  • Cuirfear príomhchúramóirí agus scoileanna ar an eolas faoi gach imeacht agus faoi imeachtaí atá á mbeartú;

  • Eiseofar foirmeacha teagmhála/ceada nuair is gá sin;

  • Cloífear le cleachtas sláinte agus sábháilteachta;

  • Cuirfear beartais atá dírithe ar an leanbh de réir na gcleachtas is fearr;

  • Cloífear lenár dTreoirlínte earcaíochta;

  • Cinnteofar oiread agus is féidir go n-oireann gníomhaíochtaí don aois atá na leanaí/daoine óga;

  • Brostófar agus éascófar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí, na gcúramóirí nó na n-aosach freagrach de réir mar a oireann.

  • Má bhímid imníoch nó buartha faoi leas an linbh/duine óig, cuirfimid i bhfeidhm na cleachtais seo a leanas:

  • Tiocfaimid i gcabhair ar an leanbh nó ar an duine óg;

  • Coimeádfaimid na príomchúramóirí ar an eolas ar bhonn leanúnach, sin mura gcuirfeadh a leithéid an leanbh/duine óg i mbaol níos mó.

  • San chás go mbíonn ábhar imní againn maidir le cosaint agus leas leanaí, tá sé de dhualgas orainn iad sin a chur ar aghaidh chuig an Oibrí Sóisialta ar Dualgas agus chuig na Gardaí i gcás práinne;

  • I gcás gearáin in aghaidh ball foirne, cinnteoimid láithreach sábháilteacht an linbh/duine óig agus cuirfimid na príomhchúramóirí ar an eolas de réir mar is cuí.

Mar eagraíocht atá dírithe ar leas an linbh, táimid tiomanta do thús áite a thabhairt do riachtanais an linbh. Chuige sin, cuirfimid na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm:    

  • Déanfaimid teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Slainte Áitiúil sa chás go mbíonn ábhar imní ann faoi chosaint linbh;

  • Molfaimid do phríomchúramóirí oibriú i bpáirt linn ag leanúint na dtreoirlínte atá leagtha amach ag an eagraíocht s’againne d’fhonn sábháilteachta a gclainne a chinntiú;

  • Beidh duine faoi leith ceaptha ar féidir teagmháil a dhéanamh leis/léi, chun cásanna a phlé le príomhchúramóirí sa chás go mbeadh ábhar buartha nó imní ann faoi leas linbh nó duine óig.

Ráiteas Rúndachta

Táimidne, Consairtín, tiomanta ionas go gcinnteofar an ceart atá ag daoine ar rúndacht. Mar sin féin, maidir le cosaint agus leas leanaí leanaimid na prionsabail seo a leanas:   

  • Ní thabharfar eolas amach ach nuair is gá sin, d’fhonn an leanbh/duine óg a choimeád sábháilte;

  • Nuair a chinnimid faisnéis den sórt sin a chur ar aghaidh chuig daoine eile d’fhonn an leanbh nó an duine óg a choimeád slán, ní hionann é agus sárú rúndachta;

  • Ní féidir linn rúndacht iomlán a gheallúint nuair atá leas an linbh nó an duine óig i mbaol;

  • Tá sé de cheart ag príomhchúramóirí, ag leanaí agus ag daoine óga fios a bheith acu má táthar ag roinnt faisnéis phearsanta agus/nó má tá tuairisc á cur faoi bhráid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, sin mura méadófaí an baol atá ann don leanbh/duine óg dá dheasca;

  • Ní úsáidfear íomhánna den leanbh/duine óg ar aon chúis gan cead ón tuismitheoir/ cúramóir (mar sin féin, ní féidir linn a chinntiú nach n-úsáidfear ceamaraí/ físthaifeadáin ag taibhléirithe poiblí);

  • Cuirfear nósanna imeachta i bhfeidhm maidir le húsáid íomhánna de leanaí/daoine óga;

  • Cuirfear nósanna imeachta i bhfeidhm freisin d’fhonn faisnéis a thaifeadadh agus a stóráil ar bhealach a chloíonn lenár mbeartas rúndachta.